An Scéim
Tá líon áirithe comhlachtaí agus institiúidí gairmiúla, agus a gcuid ball, ceadaithe ó mhí Bhealtaine, 1990 i leith, ag Comhairle Abhcóidí Éireann chun tadhaill gairmiúil díreach (TGD) a bheith acu le baill de Bharra na hÉireann maidir le hábhair neamhchonspóideacha. Ní bhaineann an scéim le hábhair chonspóide (m.sh. obair chúirte).
Cuireann an scéim ar chumas bhaill na gcomhlachtaí agus na n-institiúidí gairmiúla seo (ar a dtugtar "comhlachtaí gairmiúla ceadaithe") treoir a thabhairt go díreach d’abhcóidí. Ní miste d'eagraíocht iarratas foirmeálta a dhéanamh ar Chomhairle Abhcóidí Éireann go gclárófaí é amhlaidh agus ní miste dó an Chomhairle a shásamh:
- Go gcuireann baill an chomhlachta seirbhísí sain-scile ar fáil;
- Go riartar gnóthaí an chomhlachta de réir forálacha bunreachtúla maidir le caighdeáin iontrála do bhaill agus le cúrsaí smachta faoi iompar neamheiticiúil agus/nó easnóireach;
- Go bhfuil gá suntasach ag an gcomhlacht nó ag an institiúid sin le seirbhísí abhcóide.
Tá liosta na gcomhlachtaí agus na n-institiúidí creidiúnaithe faoi réir na scéime TGD ar fáil. Ba cheart do chomhlacht nó d'institiúid ar mian leo go gcuirfí ar an liosta seo iad teagmháil a dhéanamh ar dtús leis an Stiúrthóir, Comhairle Abhcóidí Éireann, An Leabharlann Dlí, 158/9 Sráid an Teampaill, Baile Átha Cliath 7. Ceadaíonn Coiste Caidreamh Seachtarach Chomhairle Abhcóidí Éireann iarrtais dá leithéid. Féadfaidh an cead sin a bheith faoi choinníollacha áirithe agus i gcásanna áirithe seans nach gceadófar ach tréimhse thrialach i dtosach.
