|
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil gach uile bhall den Leabharlann Dlí
cláraithe ar an bhunachar seo. Mura n-éiríonn leat teacht ar abhcóide ar leith,
ní hionann sin is a rá nach bhfuil an t-abhcóide áirithe sin ag cleachtadh níos mó,
nó nach bhfuil sé/sí mar bhall den Leabharlann Dlí.
Chuir Comhairle an Bharra na hainmneacha agus na sonraí teagmhála ar an suíomh idirlín
seo chun cuidiú le haturnaetha dul i dteagmháil le baill na Comhairle. Chuige seo amháin a
cheadaítear an bunachar a úsáid. Tá dianchosc ar chodacha den bhunachar a bhaint amach, nó a
úsáid ar chúis ar bith eile, úsáid thrádálach san áireamh.
Freiteach
Níl Comhairle an Bharra sásta glacadh le freagracht as cruinneas na faisnéise sa bhunachar seo.
Ma mhaíonn ball go bhfuil a leithéid seo nó a leithéid sin sainchumais aige nó aici, is ball atá á mhaíomh,
agus ní féidir le Comhairle an Bharra dul i mbannaí faoi bheachtas ráitis mar sin.
|